James Mooney: Finné báúil ar chultúr i mbaol

Gluaiseacht reiligiúnach mhílaoiseach a leathnaigh go tapa i measc na dtreibheanna a bhí i nDamhsa na dTaibhse.

FOCLÓIR: Fónta - good or sound; gnás - custom; anaithnid - unknown; deasghnáth - ceremony or rite; gluaiseacht - movement; mílaoiseach - millenarian; eitneolaíochta - ethnological; eitneolaí - ethnologist; saorghlanadh - purification; tochtmhar - emotional.

Ar na saolta seo tá aird againn mar náisiún ar an ré chinniúnach úd inar tharla an Chéad Chogadh Domhanda, Éirí Amach 1916, Cogadh na Saoirse, an Cogadh Cathartha, críochdheighilt na tíre agus bunú an Stáit.

Ar ndóigh, tá aird ar leith ar na mór-phearsna a bhí rannpháirteach sna himeachtaí ábhalmhóra, tromchúiseacha, feiceálacha sin. Luíonn sin le réasún, ach ná déantar dearmad go raibh fréamhacha na réabhlóide náisiúnta go domhain in imeachtaí na naoú haois déag-an Gorta Mór agus an Malartú Teanga, Na Fíníní, an ghluaiseacht chun an teanga a athréimniú agus a d’eascair aisti sin. B’fhéidir freisin nach dtuigtear fós tionchar na n-eisimirceach ar an réabhlóid-daoine a theith, agus sliocht na ndaoine a theith lena n-anamacha as Éirinn agus a lonnaigh thar lear.

Meastar amanna gur comhshamhlaíodh go leor acu sin go gasta i gcultúr gallda Mheiriceá agus is dóigh go bhfuil sin fíor. Bhí páirt náireach ag go leor acu san ár agus léirscrios a rinneadh ar bhundúchasaigh Mheiriceá. Ach, bhí cuid eile acu a thuig gurbh é an bun-dearcadh agus an idé-eolaíocht chéanna, an cuspóir céanna a chuir Éire faoi mheirse ba chionn siocair freisin le díothú Dhúchasaigh Mheiriceá.

READ MORE

Ar dhuine acu siúd a thuig sin bhí an Meiriceánach Éireannach James Mooney, nó ‘Fear na nIndiach’ mar a thugtaí air. Fear é a raibh toradh ar a chuid oibre agus cáil ar a shaothar i bhfad i ndiaidh a ré féin a bheith thart.

Náisiúntóir Éireannach, poblachtach agus athbheochantóir gníomhach ba ea é ach ba mhó go mór an cháil a bhain sé amach mar luath-eitneolaí.

Rinne sé staidéar suntasach ar ghnásanna agus ar theangacha na bpobal dúchasacha i Meiriceá Thuaidh le linn tréimhse an áir nuair a bhíodar á gcinedhíothú ag lucht foghla an chine bháin.

Rugadh Mooney i Richmond, Indiana, sa bhliain 1861. Inimircigh as Éirinn, as Contae na Mí ab ea a chuid tuismitheoirí. Bhásaigh a athair go h-óg agus fágadh a mháthair i mbun clainne agus gan í fós ach sna fichidí. As cultúr na hÉireann a fáisceadh máthair Mooney - bhí an-eolas aici ar an seanchas agus ba mar sin a chuir sé suim i gcúrsaí béaloidis.

An rud a ghintear sa chnámh is deacair a bhaint as an bhfeoil deirtear agus níorbh aon ionadh é mar sin é go gcuireadh Mooney suim sna hóráidí a rinne gníomhaí polaitiúil áirithe as Éirinn a chuaigh ar camchuairt i Meiriceá in 1880.

Bunaíodh Conradh na Talún i gCo Mhaigh Eo i 1879 nuair a bhí gorta eile ag bagairt ar Éirinn de dheasca drochaimsire agus de bharr gur theip ar fhómhar na bhfataí.

Go gairid ina dhiaidh sin, thaistil Charles Stewart Parnell go Meiriceá agus é ar thóir tacaíochta don eagras nua chun dul i ngleic le córas foghla na dtiarnaí talún.

Tharraing sé aird dhomhanda ar chás na hÉireann agus sular fhill sé ar Éirinn, bhunaigh sé cumann Mheiriceá de Chonradh na Talún.

Chuir James Mooney an-suim sa mhéid a bhí le rá ag Parnell agus ceapadh é mar rúnaí ar chumann áitiúil de Chonradh na Talún i Richmond agus gan é ach 19 bliain d’aois.

Bhí dlúth bhaint ag Mooney le cúrsaí Éireannacha, mar sin, ach bhí suim i gcónaí aige i bpobail dhúchasacha Mheiriceá. Chaith sé tréimhse ag obair le nuachtán - an Richmond Palladian. Deis ab ea é sin an spéis a bhí aige sna Dúchasaigh Mheiriceánacha a mhéadú agus a chuid eolais orthu a fhairsingiú.

Thosaigh sé ag obair leis an Bureau Of American Ethnology sa bhliain 1885. Dhírigh sé a chuid taighde ar bhundúchasaigh an oirdheiscirt agus na Machairí Móra (great plains).

Tréimhse chinniúnach a bhí ann dóibh. Bhí na daoine geala tar éis a gcuid tailte a ghoid, a bpríomh fhoinse bia a scriosadh trí mharú na mbuabhall agus níorbh leasc leis na gadaithe na daoine féin a mharú. Cuireadh iachall ar na Dúchasaigh a dtailte a thréigeadh agus brúadh córas eacnamaíochta agus sóisialta anaithnid go brúidiúil orthu. Anuas ar sin ar fad rinneadh gach iarracht a gcultúr a scriosadh agus cuireadh brú orthu glacadh le nósmhaireacht na ndaoine bána.

Chaith Mooney ana chuid ama ina measc agus obair fhónta á dhéanamh aige. Scríobh sé roinnt leabhar iomráiteach faoina ngnásanna ach ba é ‘Ghost-Dance Religion and the Sioux Outbreak of 1890’ an leabhar is mó a tharraing aird ar an obair cheannródaíoch a bhí ar bun aige.

Ar an naoú lá fichead de mhí na Nollag, 1890, tharla ceann de na heachtraí ba mheata agus ba choiriúla i stair na linne nuair a rinne arm Stáit Aontaithe Mheiriceá sléacht ar na céadta Lakota Sioux ag an Pine Ridge Reservation i nDacóta Theas.

Maraíodh idir 250-300 Lakota agus a dtaoiseach Spotted Elk san ionsaí.

Gluaiseacht reiligiúnach mhílaoiseach a leathnaigh go tapa i measc na dtreibheanna a bhí i nDamhsa na dTaibhse.

Bhí go leor dá muintir a bhí briste agus brúite le dólás agus le héadóchas agus ghríosaigh an reiligiún athbheochan agus athnuachan cultúrtha agus spioradálta ina measc. Is faoi thoscaí mar sin a tháinig cultas lastais chun cinn in áiteacha eile ar domhan agus tá cosúlachtaí áirithe idir sin agus Aisling na bhfilí s’againne.

Tháinig Damhsa na dTaibhse chun cinn i dtosach báire i measc an Paiute i gceantar an Western Great Basin, ar chósta oirthear na tíre, sna blianta 1869 - 1878 agus leath sé i measc na náisiún dúchasacha chomh fada leis na Machairí Móra sna blianta 1887 - 1895.

Spreag an phríomh-deasghnáth - damhsa ciorclach - cineál saorghlanadh domhain tochtmhar iontu siúd a ghlac páirt ann. Bealach a bheadh ann, a dúirt Wovoka fáidh, spioraid na marbh a mhúscailt chun troda i gcoinne an síor bhrú a bhí ag teacht ó oirthear na tíre.

Cé gur ghnás síochánta a bhí ann, níor thaitin sé leis na húdaráis a cheap gur ullmhú de chineál éigin a bhí ann d’éirí amach agus rinneadar géar-leanúint orthu siúd a ghlac páirt ann.

Chaith Mooney beagnach dhá bhliain i measc 22 treabh agus d’fhoghlaim sé a gcuid amhrán, ghlac sé grianghraif agus thaifead sé go beacht gach dá bhfaca sé.

Thuig sé go maith nárbh ghluaiseacht mhíleata a bhí ann agus rinne sé gach iarracht na tuairiscí míchruinne a foilsíodh go minic sna nuachtáin a bhí claonta go mór in aghaidh na mbundúchasach a cheartú.

Foilsíodh leabhar Mooney i 1896 agus glactar leis go bhfuil sé ar cheann de na leabhair is cuimsithí ar chúrsaí eitneolaíochta na mbundúchasach dá bhfuil ann.

Lean suim Mooney i gcúrsaí na hÉireann. Chuir sé spéis i gConradh na Gaeilge agus bhunaigh sé craobh i Washington. Nuair a bhí Dubhghlas de hÍde i Meiriceá sa bhliain 1905, thug sé cuairt ar Ó Maonaigh.

Ina leabhar ‘Mo Thuras go hAmerice’ déanann an Craoibhínn Aoibhinn tagairt dó:

“An Tríomhadh lá Fichead de Bhealtaine: Chuaidh mé i n-éinfheacht le mo shean-charaid Séamus Ó Maonaigh go dtí an Smithsonian Institute. Tá leabhar mór sgríobhtha aige-sean do thug sé dham roimhe seo (Myths of the Cherokee, 576 leathanaigh, agus mórán pictiúirí ann.), agus ní dóigh liom go bhfuil fear eile i nAmerice a bhfuil oiread eolais ar na nIndianachaibh aige agus atá aige-sean. Do chuir sé mé i n-aithne do mhórán de na daoinibh atá gnóthach ar obair an Institiúid agus ó bhí fhios aca gur chruinnigh mé féin sgéalta i measc na nIndianach i gCanada, na Milisítí, nuair bhí mé ann, duisín de bhliadhantaibh roimhe sin, agus gur chuir mé i gcló iad i bpáipéar Americeánach, do rinneadar ball den Institiúid díom. Bhí siad le gach leabhar to thighead amach uatha do chur chugam. Tá na pictiúirí do rinne Catlin aca san Institiúid agus mórán bogha agus saighead agus gach rud eile do bhain le hIndianachaibh i ngach aon áit i nAmerice.”

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.